Latest Articles

Saturday, 18 July 2015

Aiste: An Reifreann ar Phósadh Comhghnéis; is ábhar conspoideach é

An Reifreann ar Phósadh Comhghnéis; is ábhar conspoideach é

Le hEoin O Mhuirtuile 17/5/2015


Tá seanfhocal ann a déir 'Dá fhad í an oíche, tagann an la'. An gcreidféa go bhfuil daoine inár ditr seo fós faoi choim na hoíche? Tá daoine homaighnéasacha ciaptha cráite agus céasta sa tir seo. Caitear leo mar shaoránaigh den dara grád. Nilimid siar sa chlochaois, ní foláir duinn an suíomh seo a athrú.

Ar an gcéad ful síos, má ghlactar leis an reifreann béidh daoine homaighnéasacha glactha sa sochaí níos mó ach go hairithe ar scoil. Gheobhaidh daoine óga an tseans a bheith oscailte. Éireoidh sé níos saoráidí do dhaoine óga ag tagtha amach. Ní doigh liom go bhfuil an suíomh thar moladh beirte ar scoil sa la átá inniu ann. Tá impleachtaí diultacha ag baint leis an bhfocal sin agus dúnmharú. Deirtear gur peacaigh iad. Ní rogha é agus deanann an saghas sin cainte dochair do-inste do dhaoine óga. Fulaingíonn siad go laethúil agus caithfidh siad iad féin a chumhdach. I ndáirire cén fath go bhfuilimid chomh gafa le gnéasclaonadh an duine sa triú milaois? Solathróidh an reifreann sin dea-shampla do dhaoine óga ó cheann ceann na tíre má ghlactar leis an reifreann. Tiocfaidh feabhas ar meabhair slainté na n-óg ar fud na tíre gan amhras.


Mar is eol do chach, cuireann and Eaglais Chaitliceach a ladar isteach sa bholscaireacht roimh an reifreann, Samhlaítear dom go bhfuil siad righin ina ndearcadh, ní thugann siad cíos cás nó cathú ar chearta sibhialta. Ní hionann Eireann inniu agus fiche bliain ó shin. Tógadh an cosc ar lanúin comhghnéis sa bhliain 1993. An gcreidféa i 1993 go raibh sé mídleathach a bheith homoghnéasaigh sa tír seo. Is scéal náireach é go bhfuilimd fós ag deanamh éagóir ar dhaoine homaighnéasaigh. Ardaíonn an Eaglais Chaitliceach an cheist faoi na paistí go laethúil, agus ba cheart go bhfuil máthair agus athair ag gach paiste. Dá mbeadh an deis agam, chuirfinn an cheist orthu. "Cad faoi na tuismitheoirí ag togail paistí ina n-aonar?'. Nach bhfuil siad ina dtuismitheoirí ábalta? A leitheoir, chun a bheith fírinneach leat ní fheicim an ceangail idir an reifreann seo le háltram nó máthairionadaíocht. Ní bhaineann sé le hábhair. D'aontódh iliomaid daoine leis an tuairim sin. Caithfimid an abhar ceart a chur san aireamh. Molaim daoibh bhúr nguth a úsaid i mBealtaine.


Ina theannta sin, eireoidh homaighnéasachais níos nórmalta sa tír seo. Laghdóigh ciniceas i leith na ndaoine sin, béidh stadus oifigiúil ag an gcaidreamh. In ainneoin na firicí bagraítear agus ionsaítear iad la i ndiaidh lae, seachtain i ndiaidh seachtaine. Rinne an rialtas suirbhé cupla seachtain ó shin agus créid é nó na créid é ach duirt 75% gur bhraith siad míchompordach in Eirinn mar daoine homaighnéasaigh. Nach bhfuil sé sin dochreidte? Tá neart rudaí iontacha faoin tír seo, ár dteanga, ár n-oidhreacht, ár gceol, ár spoirt agus an chraic a bhíonn againn, ach is tír gan chothromas í. Cloistear na scealta ó chian is ón chongair. I gCorcaigh cúpla mí ó shin, d'eagraigh nn mic léinn i gColaiste na hOllscoile Corcaigh feachtas. Troideann siad in aghaidh homafóibe i gContae Chorcaí. Tá sé taghta chun solais nach mbraitheann daoine homaighnéasacha cómpordach i gCorcaigh. Sheas scéilín amhain amach. Deirtear fear amhain  go gcritheann sé na himní nuair a théann sé amach lena phartnéir i measc an phobail, bhain sé an chaint dom. Samhlaigh saol nach mbeiféa compordach siúl síos an tsráid lámh le lámh le chéile ann. Is mithid duinn stop a chur ar an n-eagoir, an faitíos agus an eagothrom. Mar a deirtear 'Níl aon leigheas ar an ngrá ach pósadh' Is é an reifreann i Bealtaine an chéad chéim ar an mbóthar ceart.


Taibhsítear dom gur geniest achrannach í, ach de reir mar a fheicimse tá leamhshúinn buailte linn anois. Tá plé oscailte ag teastáil, plé ina n-eistfear le guth uile dhuine. Tá níos mó tuillte ag na daoine homaighnéasacha sa tír seo. Gríosaím oraibh a bheith páirteach agus a bheith eolach sa reifreann. Faoi dheireadh tá súil agam go dtiocfaidh an la. Fanann daoine ró-fhada i ndorchadas. Béidh saoránaigh na tíre ar an léibheal céanna, lámh le lámh léna gcéile.

No comments:

Post a Comment