Latest Articles

Sunday, 18 October 2015

Cógaisíocht i gColáiste na hOllscoile Corcaigh

Cógaisíocht i gColáiste na hOllscoile Chorcaigh

Dia duit a leitheoirí! Conas átá sibh?

Ní raibh mé ábalta aon rud a scriobh ar feadh cupla mí, ba cheart go roinnfinn píosa nuacht libh. D'éirigh mé áit a fháil i gCógaisíocht i gColáiste na hOllscoile Corcaigh i mí Lunasa. Bhí athás do-inste orm níor cheap mé i milliún bliain go ngeobhainn Cógaisíocht ach ar aon nós chun a bheith firínneach libh táim ar scamall a naoi anois. Bainim an-suailce as an gcúrsa go laethúil. Solathraíonn sé duaiseanna la i ndiaidh lae ach mar a deirtear 'Ní bhíonn an rath ach mar a mbíonn an smacht'. Chaith mé Méan Fómhair sort trína chéile ach anois táim ag iarriadh mo shaol a chur faoi smacht anois. Cúimhnigh mé an seachtain seo cáite go ndearna mé eagóir ar an mblag sin, mar sin shocraigh mé alt a scríobh ar shaol in Ollscoile agus an peirspictíocht átá agam.

An Foirgneamh Cavanagh
Taibhsítear dom go bhfuil na daoine i mo chúrsa thar cuimse tuisceanach agus oscailte. Cháith mé fluirse áma i meanscoil ag streachailt ar leibhéal sóisialta, mar sin bhí faitíos orm go hollmhór. Cad a cheapann daoine nuair a bhuailigh mé iad? Cad a déarfiadh mé dóibh? Ach ní féidir é a shéanadh ach go bhfuil siad go hálainn ar fad. Caitear liom mar chara fiú ar an gcéad lá. Ní duine thar a bheith sóisialta mé ach fós ní fhagaim ar an leathtaobh. I meanscoile tá sort grupaí ann, agus ba cheart go bhfágfá tú i do ghrupa. Áfach níl Coláiste mar an gcéanna. Is clann muid. Cuireanna na daoine i mo chúrsa muinín orm gur roghnaigh mé an cúrsa ceart gan cheist ar bith!


Anuas ar sin caithfidh mé a adhmháil gur campus stairiúil agus pictiúrtha é, agus bainim an-sult as an saoirse a thógann coláiste dom. Is athrá ó bhonn é mar tá iliomaid deiseanna agus roghanna agat. Deanaim mo dhícheall chun staidéar a dhéanamh nuair átá ám le spárail agam ach uaireanta téim on mbéalach ceart! Tá súil agam go néireoidh go geal liom ar aon nós. 

Go raibh míle a leitheoirí, do chara Eoin.

1 comment:

  1. Go n-éirí leat Sa saol nua agat.

    Fearn

    ReplyDelete